Tá daoine ann atá fós ag foghlaim ach ní fhaca mé aon Bhéarla go dtí seo. Níl aon chúis leis an mBéarla ar aon nós, táimid go léir ann le haghaidh Gaeilge a úsáid.
Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!
Tá traein bheag a théann timpeall Montmartre ar na bóithre. Rinne muid é leis na buachaillí nuair a bhí siad óg.
Bhí sé de nós againn dul ann gach samhradh lenár dtuismitheoirí agus muid inár leanaí. D'aithin mé é go laithreach. Cuireann sé cumha orm.
An-leabhar! Léigh mé é anuraidh ⁊ bhain mé an-sult as.
Bhí mé ag iarraidh focal a thosaíonn le 't'
Solas na bhFlaitheas uirthi. Comhbhrón ó chroí leat ⁊ leis an teaghlach.