Labhair Gaeilge liom. Tá cónaí orm sa Nua-Shéalainn.
Is comhairleoir cathrach mé (Páirtí an Lucht Oibre) in Palmerston North.
Lorna
Loading...
Dúirt an grúpa páistí agus tuismitheoirí liom gur mhaith leo foghlaim conas litir a scríobh i nGaeilge. De ghnáth seachnaím aon scríobh leo, ach rinne muid é inniu agus bhí siad thar a bheith sásta lena litreacha. Léigh siad amach iad agus thug siad bualadh bos do chach.
Lorna
Inniu Féile Cholm Cille. Beidh díolúine agus dispeansáid le fáil ag duine ar bith a sháraíonn cóipcheart.
Ba léir nach raibh mo ghariníon (a bhfuil uathachas uirthi) sásta lena cuid gruaige fada mar bhí sí ag iarraidh í a ghearradh í féin. Inniu, chuaigh muid chuig an ngruagaire léi den chéad uair ⁊ d'éirigh léi bearradh gruaige a fháil! Tá sí iontach sásta lena cuid gruaige gearr nua!
Bhuel, tá Gaeilge ag Seán Kyne ar a laghad.
Dathanna an Fhómhair 🍂
Mise ag imirt as baile faoi láthair ar Chogar.
Nuair a bhíonn daoine ag múineadh rudaí míchearta faoin nGaeilge ar na meáin shóisialta, cuireann sé frustrachas orm, caithfidh mé a rá.
Is breá liom Cogar! Spás go hiomlán Gaelach, bríomhar AGUS tá cnaipe eagarthóireachta ann!
Cá bhfuil sibh, a @diarmaidcoffey.bsky.social, a @maitiuocoimin.bsky.social @darachoscolai.bsky.social srl.