Gaeilge, Gauss, Getz, Kafka, Bealtaine, beoir, blues, Bartók, Peig(!). Agus na gnáthrudaí. Und das Übliche.
Fergus Idir Dhá Abhainn
Loading...
Roinnt seachtainí ó shin bheartaigh mé Madame Lazare a cheannach. Nuair a tháinig an leagan Gearmáinise amach ar dtús tharraing sé m'aird gurb é an Kröner Verlag a d'fhoilsigh é. Mar sin chuaigh mé go díreach go dtí an fhoinse.
Bhí clú ar an bhfoilsitheoir tráth mar gheall ar na foclóirí (ciclipéideacha) den scoth a d'fhoilsíodh sé ach is léir nach bhfuil an margadh céanna ann dóibh sa lá inniu mar thoradh ar an idirlíon. Sa lá inniu bíonn síad ag díriú ar earnálacha eile freisin.