Ócáid bhreá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm tráthnóna — Diarmuid Johnson, Aodh Ó Coileáin, agus léitheoirí na Gaeilge. Fíon agus leabhair! Fáilte roimh chách.
Le maoiniú ó @researchireland.ie!
Ruathar rothaíochta cois Canála, cois na Dothra, agus chuig an Músaem Náisiúnta Cló ar maidin. Is mór an sásamh na cosáin nua rothar a bheith á bhforbairt agus bheith in ann gasúir a thabhairt amach go réasúnta sábháilte.
Tá muid (Andrea Palandri & Deirdre Ní Chonghaile go háirithe) ag obair le hábhar fuaime as @ria.ie (Doegen), @ucc.ie agus @dias.ie a chur le Canúint chomh maith le @rte.ie. Íomhá 🔽 de na barúntachtaí uile, le taifeadtaí den chanúint dúchais, a bheidh ann. Leagan nua ag teacht faoi Shamhain.